Fianáin

Cad é an rud é fianán?

Beidh fianáin in úsáid ar fhormhór na suíomh gréasáin a dtabharfaidh tú cuairt orthu leis an eispéireas úsáide a fheabhsú. Cuireann fianáin ar a chumas do shuíomh gréasáin 'cuimhne' a bheith aige ort, ar feadh do chuairte (le fianán seisiúin) nó faoi choinne athchuairteanna (le fianán seasmhach).

Faisnéis a íoslódáiltear ar do ríomhaire atá i bhfianán, faisnéis a stóráiltear ar thiomántán crua an ríomhaire. Ní shainaithneoidh fianáin ar bith dár gcuid thú; sonraí staitistiúla atá iontu. Ní shainaithníonn na sonraí staitistiúla sin sonraí pearsanta ar bith.

Seolann freastalaí gréasáin fianáin chuig brabhsálaí gréasáin, agus stórálann an rabhsálaí iad. Cuireann seo ar a chumas don fhreastalaí gréasáin an brabhsálaí gréasáin a shainaithint agus a rianú.

Seo thíos samplaí de dhóigheanna ar féidir le fianáin seirbhísí a fheabhsú duit:

  • aithníonn siad gur thug tú ainm úsáideora agus pasfhocal cheana féin sa dóigh nach mbeidh ort iad a thabhairt faoi choinne gach suíomh gréasáin a iarrfaidh tú;
  • cinntíonn siad nach gcaithfidh tú an fhaisnéis chéanna a thabhairt roinnt uaireanta le linn tasc amháin;
  • tugann siad deis ar shonraí gan ainm a anailísiú, an líon úsáideoirí atá ag dul isteach i seirbhís, mar shampla; agus
  • bíonn siad ina gcuidiú, de thoradh na hanailíse sin, le húsáid seirbhísí a bhfuil tóir orthu a dhéanamh níos fusa agus níos gasta.

Cad é atá istigh i bhfianán?

Is téacschomhad simplí a stóráiltear ar do ghléas é fianán. Tá faisnéis gan ainm ann, amhail aitheantóir uathúil agus ainm an tsuímh, agus digití agus uimhreacha

Cad é mar a úsáideann muid fianáin?

Úsáideann an suíomh gréasáin Séideán Sí fianáin áirithe, mar a dhéanann áiseanna agus seirbhísí áirithe a nascann an suíomh leo. Mar chuidiú le riachtanais ár n-úsáideoirí a shásamh, baineann muid úsáid as Google Analytics le faisnéis ar an dóigh a n-úsáideann daoine an suíomh gréasáin Séideán Sí a bhailiú.

Stórálann Google Analytics faisnéis faoi na leathanaigh a dtabharfaidh tú cuairt orthu, faoi cá fhad a fhanann tú ar an suíomh gréasáin, faoin dóigh ar tháinig tú ar an suíomh agus faoi na réada a mbrúnn tú orthu.

Ní thugann muid cead do Google faisnéis ar bith a bhaileoidh muid a úsáid ná a roinnt leis an tríú páirtí.

Fianáin Google Analytics

Ainm an fhianáin Gnáthinneachar Téann as feidhm
_utma Uimhir a ghinfear go randamach 2 bhliain
_utmb Uimhir a ghinfear go randamach 30 bomaite
_utmc Uimhir a ghinfear go randamach Ar dhruidim an bhrabhsálaí duit
_utmz Uimhir a ghinfear go randamach agus faisnéis faoin dóigh ar thángthas ar an suíomh (go díreach, mar shampla, nó trí nasc, cuardach orgánach nó cuardach íoctha) 6 mhí
Tuilleadh eolais ar fhianáin a shocraíonn Google Analytics.

Cad é mar is féidir leat fianáin a bhainistiú?

Is furasta socruithe fianáin do ríomhaire a athrú, más mian leat. Is féidir leat do bhrabhsálaí gréasáin a mhionathrú sa dóigh go gcuirfidh sé in iúl duit nuair a sheolfar fianáin chuige, nó is féidir leat gach fianán a dhiúltú. Is féidir leat fosta fianáin a socraíodh cheana a scriosadh. Ba cheart eolas ar an dóigh le fianáin a shrianadh nó a bhacadh a bheith san fheidhm 'Help' ar do bhrabhsálaí. De rogha air sin, b'fhéidir gur mhaith leat cuairt a thabhairt ar www.aboutcookies.org lena fháil amach an dóigh leis seo a dhéanamh ar éagsúlacht de bhrabhsálaithe ríomhaire deisce.

Más guthán póca atá in úsáid agat agus más maith leat eolas ar an dóigh le fianáin a shrianadh nó a bhacadh, ceadaigh treoirleabhar do sháis láimhe.

In áiteanna áirithe ar an suíomh gréasáin Séideán Sí, tá Adobe Flash Player in úsáid le seirbhísí amhail ríomhchluichí. Is féidir le Flash faisnéis a stóráil ar do ghléas le fianáin. Ní féidir, áfach, na fianáin sin a rialú leis na socruithe ar do bhrabhsálaí gréasáin. Más maith leat fianáin Flash a shrianadh nó a bhacadh, caithfidh tú é a dhéanamh ar shuíomh gréasáin Adobe fosta.